Turas de Theach an Fhíodóra

Táispeántar físeán goirid ag cur síos ar stair na háite chomh maith le cuntas a thabhairt ar shaol Mhánais Uí Fhearraigh. Cuirtear léiriú ar fáil do chuairteoirí ar chardáil, sníomh agus fhíodóireacht ag úsáid na módhanna a d’úsáid Mánus é fhéin. Sa deireadh tugann an treoraí na cuairteoirí isteach sa teach inár chónaigh Mánus lena dheirfiúr agus a dhéarthair. Tugtar tuilleadh eolais daofa ar shaol am an fhíodóra chailiúil seo agus an dóigh a bheadh an saol ag an teaghlach seo ag an am sin.
(Tá bileogaí oibre ar fáil do na daltaí agus pacáiste eolais ar fáil do na múinteoirí)
(fad an turais 30 bomaite)

Turais Bád

Tugtar cuairteoirí ar ár mbád chaoga suíocháin amach ó Loch Dhún Lúiche agus thig leo áilleacht an Earagail agus Gleann Nimhe a fheiceáil , chomh maith le héisteacht le scéalta faoin Bhean Ghlas agus an Crann Óg.
(Tá bileogaí oibre ar fáil do na daltaí agus pacáiste eolais ar fáil do na múinteoirí)
(fad an turais 30 bomaite)

Áit Súgradh & An Feirm

Iniata leis an turas bád nó an turas tí

Bainfidh na páistí sult mhór as ár áit súgartha eachtraíochta áit a bhfuil neart gníomhaíochtaí ar nós;
Luascáin, sleamhnáin, fráma dreapadóireachta, sreang sip, tarbh rodeo, ballaí dreapadóireachta, bád troitheán , cadhcanna, liathróidí sóirb agus preabchaisleáin.

Is féidir chomharthaí de €1.50 an ceann a cheannacht nó 10 chomhartha ar €13.00 leis na gníomhaíochtaí seo a thriail.

Tá asail, coiníní, uain, géanna, péacóige, lachan agus fianna le feiceáil sa feirm.

Tá biachlár ar fáil do pháistí sa bhialann de; Méara Éisc, Íspíní nó Cnaipíní Sicíní le sceallóga agus Deoch ar €4.50 gach páiste.

Tá siopa beag bronntanais san ionaid, áit ar féidir le daltaí rudaí deasa a cheannacht.

Le níos mó eolais a fháil, faigh i dteagmháil linn