Téann siúlóid cois locha thart ar bhaile na lachan, na n-asal, na circe péacóige, agus an choiligh phéacóige agus an choinín. Bíonn an coinín ag coinneáil súil ghéar ar an bhealach go dtí an tobar a thabharfadh fíor uisce do Mhánus Ó Fearraigh agus a mhuintir. Gan mhoill ina dhiaidh sin thig leat sult a bhaint as tamall suaimhneach ar chladach loch Dhún Lúiche agus aoibhneas a bhaint as radharcanna fíor dheas den Earagail agus sléibhte Ghleann Bheatha.