Tá neart áilleachtaí taitneamhacha timpeall an Ionaid de shléibhte, cnoic , portach, aibhneacha, lochanna, oileáin, aillte, tránna agus coillte. Tá clú agus cáil mhór ar Dhún na nGall mar cheann de na contaetha is deise in Éirinn. Tá an t-Ionad ina shuí ar imeall Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Níor bhain lámh daonna leis an radharc tire ón Oighearaois deireanach. Tá dúil mhór ag grianghrafadóirí agus ealaíontóirí ins an áit de bharr go dtig feabhas ar dhathanna anseo maidir le caighdeán an t-solais agus mar sin de bíonn sé ina inspioráid mhór díofa. Bíonn na fuaráin ag sruth le h-uisce glan nádúrtha. Eachtrannaigh ar bith a thig ó mhórthír na h-Eorpa agus a bhíonn deacrachtaí codlata acu, codlaíonn siad chomh sámh sa cheantar de bharr an aeir úir atá ar fáil. Fásann plandaí agus caonaigh iontacha go maith san áit seo de bharr an aeir úir.