Is iomaí duine i lár an chead a tháinig ar cuairt go áitreabh an fhíodóra Mánus Ó Fearraigh, a raibh clú agus cáil orthu, le haghaidh breidín a cheannacht, ar nós Henry Mcilleney, Caisleán Ghleann Bheatha, Derek Hill, Teach na Gleibe, Sir Sidney Nolan srl. De bharr a chuid ceardaíochta agus olann ó chaoraigh a dhearthár, bhí Mánus ábalta na deacrachtaí a bhí ag teaghlaigh san am sin a shárú.

Bhí conaí ar Mhánas lena dheirfiúr agus thug sí cuidiú dó an siopa a reachtáil agus an teach a choinneáil. Tá teach Mhánais coinnithe mar a bhí sé san am sin le blas/barúil/taithí a thabhairt do chuairteoirí maidir le stad an tí fadó.