An dá áit is coitianta do na turais busanna nó an turas ar Theach an Fhíodóra, Mánus Ó Fearraigh agus an turais bád ar loch Dhún Lúiche.

1. Turas Treorach ar Theach an Fhíodóra

Táispeántar físeán goirid ag cur síos ar stair na háite chomh maith le cuntas a thabhairt ar shaol Mhánais Uí Fhearraigh. Cuirtear léiriú ar fáil do chuairteoirí ar chardáil, sníomh agus fhíodóireacht ag úsáid na módhanna a d’úsáid Mánus é fhéin. Sa deireadh tugann an treoraí na cuairteoirí isteach sa teach inár chónaigh Mánus lena dheirfiúr agus a dhéarthair. Tugtar tuilleadh eolais daofa ar shaol am an fhíodóra chailiúil seo agus an dóigh a bheadh an saol ag an teaghlach seo ag an am sin.
(fad an turais 25 bomaite)

2. Turas Báid (Loch Dhún Lúiche)

Tugtar cuairteoirí ar ár mbád chaoga suíocháin amach ó Loch Dhún Lúiche agus thig leo áilleacht an Earagail agus Gleann Nimhe a fheiceáil , chomh maith le héisteacht le scéalta faoin Bhean Ghlas agus an Crann Óg.
(fad an turais 25 bomaite)

Le níos mó eolais agus rátaí a fháil, faigh i dteagmháil linn

Íoslódáil ár mbróisiúr fá choinne níos mó eolais.

Download our Brochure
bus